Dé Domhnaigh 30 Deireadh Fómhair 2011

Fógraí - Dé Domhnaigh 30ú Deireadh Fómhair 2011

Aifrinn na Seachtaine
An tAonú Domhnach Tríochad Saor - “Chuile dhuine a ardaíonn é fhéin, ísleofar é, agus chuile dhuine a íslíonn é fhéin, ardófar é.”
Dé Sathairn 29ú 7.00 i.n.: Pádraig Ó Clochartaigh, a bhean Bríd & a gclann, Colm, Delia, Joe, Noreen & a ngar clann Mary & Paddy, Baile na Cille.
Dé Domhnaigh 30ú 8.30 r.n.: Joe McDonagh, Rinn (Aifreann Míosúil).
Dé Domhnaigh 30ú 11.00 r.n.: Delia Ní Fhlatharta, Doire Fhearta.
Dé Domhnaigh 30ú 6.00 i.n. Paidrín agus Beannacht na Naomhshacraiminte.
Dé Luain 31ú 7.00 i.n.: Liam Ó Conghaile, Cladhnach.
Dé Máirt 1ú 9.00 r.n. & 7.00 i.n. - Féile na Naomh Uilig: Nóibhéine na Marbh.
Dé Céadaoin 2ú 9.00 r.n. & 7.00 i.n. - Lá na Marbh: Nóibhéine na Marbh.
Déardaoin 3ú 10.30 r.n. (Áras Mhic Dara): Nóibhéine na Marbh.
Déardaoin 3ú 7.00 i.n.: Nóibhéine na Marbh.
Dé hAoine 4ú 7.00 i.n.: Nóibhéine na Marbh: Cóil Ó Lochlainn (Aifreann Míosúil).
Dé Sathairn 5ú 7.00 i.n.: Nóibhéine na Marbh.
Dé Domhnaigh 6ú 8.30 r.n.: Nóibhéine na Marbh.
Dé Domhnaigh 6ú 11.00 r.n.: Nóibhéine na Marbh.
Dé Domhnaigh 6ú 6.00 i.n.: Paidrín agus Beannacht na Naomhshacraiminte.

Nóibhéine na Marbh
Beidh an Nóibhéine ar siúil ón 1ú - 9ú Samhain. Ofrálfar na hAifrinn do na marbh ar fad le linn na Nóibhéine.

Paidrín & Beannacht na Naomhshacraiminte
Chuile Dé Domhnaigh ag 6.00 i.n..

Fáilte roimh na páistí a baisteadh i mí Dheireadh Fómhair
Conaill Peadar Ó Shea; Tom Micheál O’Malley; Megan Rose Connolly; Pádraig Beartla Devaney; Shea Gerard Mac Donnacha; Riain Tomás Ó Clochartaigh; Ríona Máire Ní Choisdealbha; Aoife Marie Ní Nia.

Léitheoirí - Mí na Samhna
Dé Sathairn 7.00 i.n.: Siobhán Uí Loideáin.
Dé Domhnaigh 11.00 r.n.: Aengus Ó Domhnaill.

Ministrí na hEocairiste - Mí na Samhna
Dé Sathairn: Geraldine Uí Loideáin, Mary Uí Loideáin.
Dé Domhnaigh: Tríona Mhic Dhonnacha, Mary Anne Uí Chonghaile.

Faoistin
Ar fáil tar éis an Aifrinn chuile Dé Sathairn.

Dé Domhnaigh 23 Deireadh Fómhair 2011

Fógraí - Dé Domhnaigh 23ú Deireadh Fómhair 2011

Aifrinn na Seachtaine
An Tríochadú Domhnach Saor - “Gráigh do Thiarna Dia ó do chroí uileag agus ó d’anam uileag agus ó d’intinn uileag agus do chomharsa mar thú fhéin.”
Dé Sathairn 22ú 7.00 i.n.: Mike Connolly, a bhean Noreen & a gclann, An Bóthar Buí.
Dé Domhnaigh 23ú 8.30 r.n.: Peadar Mac Donnacha, Gleann Mór.
Dé Domhnaigh 23ú 11.00 r.n.: Máirtín & Bríd Leainde, Ros a' Mhíl.
Dé Domhnaigh 23ú 6.00 i.n.: Paidrín agus Beannacht na Naomhshacraiminte.
Dé Luain 24ú 7.00 i.n.: Micil Sheán Ó Domhnaill & a bhean Nóirín.
Dé Máirt 25ú 9.00 r.n.: Cóilín Ó Flaithearta, Doire Fhearta Beag.
Déardaoin 27ú 10.30 r.n. (Áras Mhic Dara): Tadhg & Máire Ní Dhuigneáin & a mac Pat, Doire an Fhéich.
Dé hAoine 28ú: Ní bheidh aon aifreann inniu.
Dé Sathairn 29ú 7.00 i.n.: Pádraig Ó Clochartaigh, a bhean Bríd & a gclann, Colm, Delia, Joe, Noreen & a ngar clann Mary & Paddy, Baile na Cille.
Dé Domhnaigh 30ú 8.30 r.n.: Joe McDonagh, Rinn (Aifreann Míosúil).
Dé Domhnaigh 30ú 11.00 r.n.: Delia Ní Fhlatharta, Doire Fhearta.
Dé Domhnaigh 30ú 6.00 i.n. Paidrín agus Beannacht na Naomhshacraiminte.

Paidrín & Beannacht na Naomhshacraiminte
Chuile Dé Domhnaigh i rith mí Dheireadh Fómhair in ómós don Mhaighdean Mhuire, Máthair Dé.

Faoistin
Ar fáil tar éis an Aifrinn chuile Dé Sathairn.

Nóibhéine na Marbh
Beidh an Nóibhéine ar siúil ón 1ú - 9ú Samhain. Ofrálfar na hAifrinn do na marbh ar fad le linn na Nóibhéine.

Cumann Titimis na hÉireann
Bailiúcháin ag geataí an tséipéil an deireadh seachtaine seo 22ú-23ú Deireadh Fómhair.

Rás 5k SCC
Beidh an rás 5k ar an Aoine 28ú Deireadh Fómhair ag tosú ag 12 meán-lae ón scoil. Is féidir siúl nó rith. Cuirfear aon bhrabach a dhéantar ar an ócáid i dtreo forbairt páirce ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin. Foirm iontrála le fail ón scoil. Fáilte roimh chuile dhuine páirt a ghlacadh in éineacht leis na scoláirí. Tar linn!

Pioc suas é
Glan suas do thimpeallacht! Tar amach le do bhóthar féin a ghlanadh Dé Domhnaigh 23ú Deireadh Fómhair 2011 tar éis an Aifrinn ag 11 r.n. má bhíonn sé tirim. Beidh málaí agus miotóga ar fáil i Halla Éinne.

Bailiúcháin Saor in Aisce d’Fhearais Leictreachais Tí
Beidh Comhairle Chontae na Gaillimhe ag bailiú fearais leictreachais tí saor in aisce ón bpobal. Is deis é seo na rudaí seo a leanas a thabhairt uait agus a athchúrsáil
-Casla: 25-10-2011, 10 r.n. - 1 i.n.: sean chuisneoirí, oighinn, meascthóir, gutháin póca, earraí a bhfuil cadhnraí iontu (aon ní a bhfuil pluga aige nó cadhnra ann).
-Halla Éinne: 29-10-2011, 10 r.n. - 12 meán-lae: bulba leictreach & cannaí péint, srl.

Dé Domhnaigh 16 Deireadh Fómhair 2011

Fógraí - Dé Domhnaigh 16ú Deireadh Fómhair 2011

Aifrinn na Seachtaine
An Naoú Domhnach Fichead Saor - “Tugaigí do Caesar, mar sin, na rudaí is le Caesar, agus do Dhia na rudaí is le Dia.”
Dé Sathairn 15ú 7.00 i.n.: Máirtin Griffin, Doire Fhearta.
Dé Domhnaigh 16ú 8.30 r.n.: Michéal Ó Dubháin, An Bóthar Buí, a fuair bás i mBostún (Aifreann Míosúil) .
Dé Domhnaigh 16ú 11.00 r.n.: Mike Johnny Mac Donnacha, An Pointe.
Dé Domhnaigh 16ú 6.00 i.n.: Paidrín agus Beannacht na Naomhshacraiminte.
Dé Luain 17ú 7.00 i.n.: Micil Tom Cóil Ó Neachtain, An Tuairín.
Dé Máirt 18ú 9.00 r.n.: Cathy de Bhailís, Caorán Beag.
Déardaoin 20ú 10.30 r.n. (Áras Mhic Dara): Bridget Whelan, Béal a' Daingin; Jayden Cusden.
Dé hAoine 21ú 9.00 r.n.: Máirtín Kate Ó Gríofa, a mháthair Cáit & a athair Seán.
Dé Sathairn 22ú 7.00 i.n.: Mike Connolly, a bhean Noreen & a gclann, An Bóthar Buí.
Dé Domhnaigh 23ú 8.30r.n.: Peadar Mac Donnacha, Gleann Mór.
Dé Domhnaigh 23ú 11.00 r.n.: Máirtín & Bríd Leainde, Ros a' Mhíl.
Dé Domhnaigh 23ú 6.00 i.n.: Paidrín agus Beannacht na Naomhshacraiminte.

Paidrín & Beannacht na Naomhshacraiminte
Chuile Dé Domhnaigh i rith mí Dheireadh Fómhair in ómós don Mhaighdean Mhuire, Máthair Dé.

Naomh Uinsionn de Pól
Beidh cruinniú de craobh Chumainn Naomh Uinsionn de Pól in Oifig Chomharchumainn Mhic Dara oíche Dé Máirt seo chugainn, 18ú Deireadh Fómhair, ag a 7.30 i.n.. Cuirfear fáilte chroíúil roimh dhuine ar bith ar spéis leo bheith páirteach nó cúnamh a thabhairt.

Go raibh maith agaibh
Ba mhaith le lucht eagair an mhaidin caife a bhí ar siúl ar an gCeathrú Rua le deireanas míle buíochas a ghlacadh le chuile dhuine a chuidigh leo ar an lá sin. Buíochas ar leith d’Aodán agus dá fhoireann sa gCistin a chuireann chuile chóir orainn chuile bhliain. Buíochas freisin don dream a thug cácaí 7rl dúinn; d’Áine in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus Ann in RTÉ Raidió na Gaeltachta. €1,331.69 a bailíodh ar fad. Go mba seacht fearr a bheas sibh bliain ó inniu.

Faoistin
Ar fáil tar éis an Aifrinn chuile Dé Sathairn.

Déanaigí é seo i gcuimhne orm
Cuireann muid fáilte roimh ghasúr as rang a dó chuig Aifreann a haon déag inniu.

Díolachán as búit cairr
Dé Domhnaigh 16ú Deireadh Fómhair ón 12 meán lae go 6 i.n. ag Halla Éinne. Táille iontrála €3, Carranna €10, Veaineanna €15, Carr & Leantóir €15. Breis eolais 087-6504170. Ar mhaithe le hIonad Cúram Leanaí na Ceathrún Rua.

Cúrsa Inseirbhíse an Deoise
Beidh an tAth. Ciarán ag freastal ar Chúrsa Inséibhríse an deoise i gCathair na Mart ó thráthnóna dé Luain go dtí tráthnóna Déardaoin. Beidh an tAth. Pádraig ar fáil má thagann “slack” ar aon duine, agus beidh Monique san oifig!

Pioc suas é
Bhí orainn an "Píoc suas é" a chur siar mar gheall ar an aimsir an tseachtain seo caite. Tá súil againn dul ar aghaidh leis Dé Domhnaigh seo chugainn (23ú Deireadh Fómhair) tar éis an Aifrinn ag 11 r.n.. Beidh málaí agus miotóga ar fáil i Halla Éinne.

Dé Domhnaigh 9 Deireadh Fómhair 2011

Fógraí - Dé Domhnaigh 9ú Deireadh Fómhair 2011

Aifrinn na Seachtaine
An tOchtú Domhnach Fichead Saor  - “Mar tá cuireadh ag go leor, ach níl tofa ach beagán.”
Dé Sathairn 8ú 7.00 i.n.: Michéal Ó Conghaile, a bhean Bairbre agus a gclann, Rinn agus Bóthar Buí.
Dé Domhnaigh 9ú 8.30 r.n.: Padraig Éinne O Conghaile, Árainn.
Dé Domhnaigh 9ú 11.00 r.n.: Micil Kate Ó Gríofa & a bhean Margaret.
Dé Domhnaigh 9ú 6.00 i.n.: Paidrín & Beannacht na Naomhshacraiminte.
Dé Luain 10ú 7.00 i.n.: John Cóil Breathnach.
Dé Máirt 11ú 9.00 r.n.: Nóra Uí Mháille, Doire Fhearta Beag.
Déardaoin 13ú 10.30 r.n. (Áras Mhic Dara): Mary Connelly, Béal Átha na Bá, An Clochán (Aifreann Míosúil).
Dé hAoine 14ú 9.00 r.n.: Colm Sullivan, a bhean Bríd agus a mac Gerald, An Bóthar Buí.
Dé Sathairn 15ú 7.00 i.n.: Máirtin Griffin, Doire Fhearta.
Dé Domhnaigh 16ú 8.30 r.n.: Michéal Ó Dubháin, An Bóthar Buí, a fuair bás i mBostún (Aifreann Míosúil) .
Dé Domhnaigh 16ú 11.00 r.n.: Mike Johnny Mac Donnacha, An Pointe.
Dé Domhnaigh 16ú 6.00 i.n.: Paidrín agus Beannacht na Naomhshacraiminte.

Paidrín & Beannacht na Naomhshacraiminte
Beidh an Paidrín agus Beannacht na Naomhshacraiminte againn chuile Dé Domhnaigh i rith mí Dheireadh Fómhair in ómós don Mhaighdean Mhuire, Máthair Dé.

Faoistin
Ar fáil tar éis an Aifrinn chuile Dé Sathairn.

Déanaigí é seo i gcuimhne orm
Cuireann muid fáilte roimh ghasúr as rang a dó chuig Aifreann a haon déag ar an 16ú Deireadh Fómhair, a bheidh ag déanamh a gCéad Comaoineach i mí Bealtaine 2012.

Coiste Tréadach
Cruinniú tráthnóna Dé Luain 10ú Deireadh Fómhair ag 7.30 i.n. i dTeach an tSagairt.

Pioc suas é
Glan suas do Thimpeallacht! Tar amach le do bhóthar féin a ghlanadh Dé Domhnaigh 9ú Deireadh Fómhair 2011 tar éis an Aifrinn. Beidh málaí agus miotóga ar fáil i Halla Éinne.

Díolachán as búit cairr
Dé Domhnaigh 16ú Deireadh Fómhair ón 12 meán lae go 6 i.n. ag Halla Éinne. Táille iontrála €3, Carranna €10, Veaineanna €15, Carr & Leantóir €15. Breis eolais 087-6504170. Ar mhaithe le hIonad Cúram Leanaí na Ceathrún Rua.

Dé Domhnaigh 2 Deireadh Fómhair 2011

Fógraí - Dé Domhnaigh 2ú Deireadh Fómhair 2011

Aifrinn na Seachtaine
Lá Fhéile na Beatha - “An chloch ar chuir na saoir suas di, rinneadh cloch chúinne di”
Dé Sathairn 1ú 7.00 i.n.: Willie Ó Conghaile, Bóthar Buí.
Dé Domhnaigh 2ú 8.30 r.n.: Liam Ó Conghaile, Cladhnach.
Dé Domhnaigh 2ú 11.00 r.n.: Michéal Phádraicín & a bhean Winnie, Doire Fhearta.
Dé Domhnaigh 2ú 6.00 i.n.: Paidrín agus Beannacht na Naomhshacraiminte.
Dé Luain 3ú 7.00 i.n.: Máire, Séamus & Aisling de Paor agus a muintir.
Dé Máirt 4ú 9.00 r.n.: Pádraig & Monica Uí Dhonnacha, Máimin.
Déardaoin 6ú 10.30 r.n. (Áras Mhic Dara): Micil Kate Ó Gríofa & a bhean Margaret, a athair Seán & máthair Kate & a dheartháir Máirtín.
Dé hAoine 7ú 9.00 r.n.: Máirtín Beag Ó Gríofa.
Dé Sathairn 8ú 7.00 i.n.: Michéal Ó Conghaile, a bhean Bairbre agus a gclann, Rinn agus Bóthar Buí.
Dé Domhnaigh 9ú 8.30 r.n.: Padraig Éinne O Conghaile, Árainn.
Dé Domhnaigh 9ú 11.00 r.n.: Micil Kate Ó Gríofa & a bhean Margaret.
Dé Domhnaigh 9ú 6.00 i.n.: Paidrín & Beannacht na Naomhshacraiminte.

Paidrín & Beannacht na Naomhshacraiminte
Beidh an Páidrín agus Beannacht na Naomhshacraiminte againn chuile Dé Domhnaigh i rith mí Dheireadh Fómhair in ómós don Mhaighdean Mhuire, Máthair Dé. Muna bhfuil an sagart in ann a bheith i láthair, iarrtar an pobal atá ann an paidrín a rá.

Céad Comaoineach
Beidh cruinniú do thuismitheoirí rang an dó (Céad Comaoineach) i Halla Scoil Mhic Dara san oíche Dé Luain 3ú Deireadh Fómhair ag 7.30 i.n.

Craobh de Chumann Naomh Uinsionn de Pól
Beidh an dara cruinniú ar siúl Dé Máirt 4ú Deireadh Fómhair in Oifig Chomharchumainn Mhic Dara ag 7.30 i.n. Tuilleadh fir ag teastáil!

Bailiúcháin an Fhómhair
Ár mbuíochas as ucht bailiúcháin an Fhómhair do na Sagairt an tseachtain seo caite.