Dé Sathairn 21 Aibreán 2012

Fórgaí - Dé Domhnaigh 22ú Aibreán 2012

Aifrinn na Seachtaine
An Tríú Domhnach den Cháisc - “Breathnaígí mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann.“
Dé Sathairn 21ú 7.00 i.n.: Michael Mhicil Ó Cualáin, Inis Mhic Cionaith. Murty & Bríd Flaherty, An Caorán Beag. Thomas & Mary O Hara, Sligeach. Pádraig de Bhailís, Pointe (Aifreann Míosúil).
Dé Domhnaigh 22ú 8.30 r.n.: Máirtín “an Yank” Seoighe, Bóthar Buí & Bostún.
Dé Domhnaigh 22ú 11.00 r.n.: Pat Choilm An Fhátharta, Tuairín. Joe & Mary O Donnell, Tír an Fhia.
Dé Luain 23ú 7.00 i.n.: Mag & Pat Salla Ó Conghaile & Mike (Gerry Mór), Doire an Fhéich. Máirín Ní Dhomhnaill, Bóthar an Chillín (Aifreann Míosúil).
Dé Máirt 24ú 9.00 r.n.: Máire & Jimmy Sonny & a mac Donncha, Bóthar an Chillín.
Déardaoin 26ú 10.30 r.n. (Áras Mhic Dara): Sally Mc Donagh, Cuileán & Máirín Murray, Inis Meáin.
Dé hAoine 27ú 9.00 r.n.: Nóra Uí Mháille, Doire Fhearta Beag.
Dé Sathairn 28ú 7.00 i.n.: Jack de Paor, Bóthar an Chillín (Aifreann Míosúil). Michael & Meaig Kennedy Molloy, Doire Fhearta. Cóilín Rua Mac Donnacha, An Rinn. Baba, Mary, Beartlín & Beartla Dan Ó Domhnaill.
Dé Domhnaigh 29ú 8.30 r.n.: An Pobal.
Dé Domhnaigh 29ú 11.00 r.n.: John Cóil Breathnach.

Faoistin
Ar fáil tar éis an Aifrinn tráthnóna Dé Sathairn.

Déanaigí é seo i gcuimhne orm
Cuireann muid fáilte roimh ghasúr rang 2 chuig Aifreann 11.00 r.n. an Domhnach seo 22ú Aibreán.

Tuarastal na Sagart
Buíochas ó chroí as ucht bhur bhflaithiúlacht í mBailiúchán na Sagart faoi Cháisc agus an tacaíocht a thugann sibh dúinn í gcónaí.

Scrioptúir Dé Domhnaigh seo chugainn
Eoin -- 3:1-2, 17-19, Salm 117, Eoin -- 10:11-18. “Is mise an t-aoire maith, agus aithním mo chuid féin agus aithníonn mo chuid féin mé.”

Traenáil Peile faoi 8 & 10 mbliana
Dé Máirt 24ú Aibreáin ar an bPáirc Astró ón 7.00-8.00 i.n. Beidh sibh in ann clárú ar an oíche freisin.

Cúrsa Iarchéime trí Ghaeilge
An spéis leat cúrsa iarchéime den scoth a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? Más spéis, tabhair faoin MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) nó MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga). Tuilleadh Eolais: Seathrún Ó Tuairisg, Fón: 091-595802, R-phost: cursai@oegaillimh.ie nó Suíomh: www.oegaillimh.ie/acadamh. Deán iarratas ag: www.pac.ie/nuigalway

Bailiúchán Earraí
Éadaí, teicstílí, leabhair agus fóin phóca á mbailiú ag Seanscoil Sailearna ar an 28ú Aibreáin idir 10 r.n. - 1 i.n. ar mhaithe le Foireann Sacair Ban Chois Fharraige. Glacfar chomh maith le tuáillí, cuirtíní, bréagáin bhoga, bróga, málaí láimhe agus beilteanna. Bheadh muid fíor-bhuíoch as bhur dtacaíocht.

Athchóiriú an tSéipéil
Mar atá fhios agaibh, tá athraithe agus athchóirithe ar bun ar an taobh istigh de Theach Pobail Mhic Dara. Tá an Sanctóir réitithe anois agus tá muid ag péinteáil faoi láthair. Beidh muid ag cur doirse nua agus tíleanna sa halla agus beidh an sacraistí agus taobh thiar den sanctóir le críochnú ansin. Ina dhiaidh sin, beidh na sean suíocháin le plánáil agus sciúradh agus roinnt suíocháin nua le fáil. Tá ceann do na sean suíocháin déanta cheana mar shampla, in aice leis an gcoinnleoir (ar dheis). Ar mhaithe le sciar den chostas sin a ghlanadh, bheadh deis ag teaghlaigh nó ball den phobal urraíocht a dhéanamh ar shuíochán agus suaitheantas cuimhneacháin a chur ar an suíochán sin, ar chostas €1,000. Tuilleadh eolas ón Sagart 091-595452 nó r-phost blake.ciarán@gmail.com

Oilithreacht an Deoise go Cnoc Mhuire
Dé Domhnaigh an 6ú Bealtaine. Beannú na nEaslán ag 2.30 i.n. & Aifreann ag a 3.00i.n.

Oilithreacht an Deoise go Lourdes
31ú Iúil – 7ú Lúnasa. Tuilleadh eolas ó Sheila ag 086-8664633.

Oilithreacht an Deoise go Fatima, Santiago de Compostela & Lourdes
28ú Lúnasa–6ú Meán Fomhair. €874. Tuilleadh eolas ó John ag 093-28337 nó 087-7627910.

Oilithreacht Óige an Deoise go Cruach Phádraig
Dé Domhnaigh 29ú Aibreáin 11.00r.n. Fáilte roimh chuile dhuine.