Dé Sathairn 28 Iúil 2012

Banc AIB ar an gCeathrú Rua le dúnadh

Tá sé fógartha ag an mBanc Aontais Éireann (AIB) go bhfuil brainse na Ceathrún Rua le dúnadh ar an 26 Deireadh Fómhair 2012. Aistreofar gnó an bhrainse go dtí an brainse ar Bhóthar na Trá, Gaillimh. Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus bileog eolais a íoslódáil ar www.aib.ie.

Ráiteas ó Chomharchumann Mhic Dara

Is cúis mhór díomá do Chomharchumann Mhic Dara an scéala go bhfuil brainse na Ceathrún Rua de Bhanc an AIB le dúnadh. Fágann sé seo muintir an cheantair ar an bhfaraoir géar. Bhí seirbhís iontach ar fáil i gcónaí sa mBanc don bpobal, do ghnólachtaí áitiúla, do ghrúpaí pobail agus do charthanachtaí áitiúla, in ainneoin nach raibh sé oscailte ach dhá lá sa tseachtain. Buille eile ní hamháin do mhuintir na tuaithe ach do mhuintir na Gaeltachta. Tá sé i gceist ag an gComharchumann teagmháil a dhéanamh le bainistíocht an Bhainc leis an gceist a phlé.