Dé Domhnaigh 15 Iúil 2012

Fógraí - Dé Domhnaigh 15ú Iúil 2012

Aifrinn na Seachtaine
An Cúigiú Domhnach Déag - “...agus á gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt.”
Dé Sathairn 14ú 7.00 i.n.: Peadar Mac Donnacha, a mhac Peadar & Joe Mac Donnacha, An Rinn.
Dé Domhnaigh 15ú 8.30 r.n.: Máirtín, Bríd & Johnny Leainde, Ros a’ Mhíl.
Dé Domhnaigh 15ú 11.00 r.n.: Babe Phat Choilm An Fhatharta, An Tuairín. Nuala Nic Con Iomaire, Bóthar an Chillín.
Dé Luain 16ú 7.30 i.n.: Aifreann ag Loch na Naomh (ag brath ar an aimsir).
Dé Máirt 17ú 9.00 r.n.: Michael Phádraicín & a bhean Winnie, Doire Fhearta.
Déardaoin 19ú 10.30 r.n. (Áras Mhic Dara): Pádraig Ó Catháin, Barr a’ Doire.
Dé hAoine 20ú 9.00 r.n. : An Pobal.
Dé Sathairn 21ú 7.00 i.n.: Cáit & Pádraig King, An Gleann Mór. Pat & Baba Uí Chualáin, An Caorán Beag.
Dé Domhnaigh 22ú 8.30 r.n.: Peter Foley & a iníon Máirín, Cladhnach.
Dé Domhnaigh 22ú 11.00 r.n.: Beartla, Máire & Cóilín Ó Gríofa, An Caorán Mór.
Loch na Naomh

Lá Fhéile Mhic Dara
Beidh Aifreann ag Loch na Naomh ag 7.30 i.n. Dé Luain 16ú Iúil Lá Fhéile Mhic Dara. Moltar dul bealach Bhóithrín a’ tSagairt chuig an Loch. Le bhur dtoil ná fág aon charr ar an mbóithrín. Is féidir cáranna a fhágáil ag an Séipéal nó sa mbaile! Muna mbíonn an aimsir feiliúnach beidh an tAifreann i dTeach an Phobail.

Scrioptúir Dé Domhnaigh seo chugainn
Iarimiá 23:1-6, Salm 22, Marcas 6:30-34. “Ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar bheadh caoirigh gan aoire.”

Cuir Aithne ar Thránna Chontae na Gaillimhe
Trá an Dóilín, An Cheathrú Rua, dé Sathairn 21ú Iúil, 1.00 i.n. Saor in aisce. Do dhaoine fásta & gasúir. Beidh go leor le foghlaim faoin bheatha mara atá le fáil ar ár dtránna leis an mBitheolaí Mara, J.P. Tiernan. Bileog eolais anseo.

Oilithreacht an Deoise go Lourdes 31ú Iúil – 7ú Lúnasa
Leis an Ard Easpaig Micheál Ó Néaraí. Tuilleadh eolais ó Sheila ag 086-8664633 nó An tAth Austie ag 087-2978598.

Campa Samhraidh CLG na Ceathrún Rua
Campa peile 16ú-20ú Iúil lá ar an Astro:
-Aoisghrúpa 5-9 mbliana, am: 10 r.n. - 2 i.n.
-Aoisghrúpa 9-14 bliain, am: 2 i.n. - 6 i.n.

Club Júdó Leitir Mealláin
Campa samhraidh júdó, cadhcála (kayakadóireacht), spraoi & spóirt leis an "Luas Bhád". 23ú Iúil - 27ú Iúil, am: 10 r.n. - 2 i.n. Costas: €30. Eolas ar fad ó Mharie Uí Chualáin 087-2645241.