Dé Domhnaigh 2 Meán Fómhair 2012

Fógraí - Dé Domhnaigh 2ú Meán Fómhair 2012

Aifrinn na Seachtaine
An Dara Domhnach Fichead Saor - “Is ón taobh istigh a thagann na drochnithe seo uileag.”
Dé Sathairn 1ú 7.00 i.n.: Nellie & Jacko Joyce. Peadar & Bríd Uí Fhlatharta, a mac Pádraig & a n-iníon Máire, Cuileán.
Dé Domhnaigh 2ú 8.30 r.n.: Liam Ó Conghaile, Cladhnach (Aifreann Bliana).
Dé Domhnaigh 2ú 11.00 r.n.: Micil & Sarah Flaherty & a gclann, Colmán, Joe, Michael & Máire, Máimín & An Cheathrú Rua.
Dé Luain 3ú 7.00 i.n.: Matt, Nan & Beartla Ó Domhnaill, An Fhaiche.
Dé Máirt 4ú 9.00 r.n.: Aifreann.
Déardaoin 6ú 10.30 r.n.(Áras Mhic Dara): Beartla & Maggie Ó Flatharta (Colm), Cóilín Ó Finneadha, Cuileán.
Dé hAoine 7ú 9.00 r.n.: Aifreann.
Dé Sathairn 8ú 7.00 i.n.: Cóilín Lydon (Cóilín Feadóg), Gleann Mór. Tony Keane, Yorkshire & Doire Fhearta (Aifreann Míosúil).
Dé Domhnaigh 9ú 8.30 r.n.: An Pobal.
Dé Domhnaigh 9ú 11.00 r.n.: Caitlín Bean Uí Chonghaile, Doire an Fhéich (Aifreann Míosúil).

Faoistin
Ar fáil tráthnóna Dé Sathairn tar éis an Aifrinn.

Scrioptúir Dé Domhnaigh seo chugainn
Iarimiá 23:1-6, Salm 22, Marcas 6:30-34. “Ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar bheadh caoirigh gan aoire.”

Scrioptúir Dé Domhnaigh seo chugainn
Séamas -- 2:1-5, Salm 145, Marcas 7:31-37: “Thug sé i leataobh ón slua é...”

Léitheoirí - Meán Fómhair
Dé Sathairn 7.00 i.n.: Geraldine Uí Loideáin.
Dé Domhnaigh 8.30 r.n.: Máirtín Ó Conghaile.
Dé Domhnaigh 11.00 r.n.: Bríd Ní Liatháin.

Ministrí na hEocairiste - Meán Fómhair
Dé Sathairn: Mary Joe Uí Chualáin, Mairéad Ní Dhomhnaill.
Dé Domhnaigh: Bríd Ní Bhraonáin, Anna Uí Fhlatharta.

Comhaireamh Bailiúcháin na gCiseáin - Meán Fómhair
Padraic Ó Lochlainn, Bríd Ní Liatháin, Bernie Wyndham.

Freastalaithe Aifrinn 2-9 Meán Fómhair
Aisling Nic Dhonnacha, Aoife Ní Chonghaile.

Scoil Mhic Dara ag Athoscailt
Osclóidh Scoil Mhic Dara ar an Luan an 3ú Meán Fómhair ag 8.45 r.n.

Ionad Cúram Leanaí na Ceathrún Rua
Beidh Ionad Cúram Leanaí na Ceathrún Rua ag cur Seirbhís Cúram Iar Scoile ar fáil ó 3ú Meán Fómhair ar aghaidh ag freastal ar Scoil Náisiúnta Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Scoil Náisiúnta Ros an Mhíl agus Scoil Náisiúnta An Tuairín. Beidh seirbhís bailithe ar fáil chun na páistí a bhailiú ó na scoileanna. Beidh costas do €3 sa lá ón gCeathrú Rua agus €5 ó scoileanna Ros an Mhíl agus an Tuairín ar an tseirbhís seo. Má bhíonn aon eolas eile uait nó má tá tú ag iarraidh áit a chur in áirithe cuir glaoch ar 091-595274 idir 10 r.n. – 1 i.n. Luan go hAoine.

Céilí Mór in Wembly
Tá Muintir Chonamara ag eagrú Céilí Mór ar mhaithe le Séipéal Mhic Dara thall in Wembly ar an Aoine an 26ú Deireadh Fómhair 2012. Iarrtar ar muintir na háite scéal a chuir ag a muintir atá thall go mbeidh sé ar siúl.

Cumann na bhFear - An Seid
Beidh cruinniú ag Cumann na bhFear (an seid) Dé Máirt, 4ú Meán Fómhair 7.00 i.n. faoi chúrsaí do dhaoine fásta (fir) m.sh táthú (weldáil), déanamh suas troscan, foghlaim scileanna srl. Fáilte roimh dhaoine dífhostaithe, retireáilte nó daoine ar mhaith leo a scileanna a roinnt le daoine eile.

Ranganna/Gníomhaíochtaí san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh
Beidh An Crann Taca/Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, An Cnoc, Indreabhán ag cur tús le ranganna/gníomhaíochtaí (m.sh. Scéalaíocht, Fraincis, Gaeilge, Matamaitic, Bácáil, Ealaíon/Ceardaíocht, Drumadóireacht, Ceol 7rl.) do ghasúir, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta ag tús mhí Dheireadh Fómhair. Oíche eolais: Dé Céadaoin, 12 Meán Fómhair ó 19.00 – 20.30 ins an An Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ar chúl seipéal an Chnoic. Tuilleadh eolais: An Crann Taca 091-593132.