Amhrán na Gaeilge

Amhrán na Gaeilge
Ciarán Ó Fátharta

An bhfuil an Ghaeilge i ndeireadh a réime, mar atá daoine i gcónaí ag rá?
Ní go rómhaith go dtuigim fhéin é, ach sé an trua é má tá,
Ó, ní hiontas mór ar bhealach í bheith ag dul in isle brí,
Mar tá daoine a tógadh léi nach labharaíonn níos mó í.

Más duine thú a bhfuil neart Gaeilge a't ach nach labharaíonn í níos mó,
Ná bí ag éisteacht leis an amhrán seo, ná cuir do chuid ama amú
Níl sé dírithe ort ar aon chaoi, ná an dream mar thú ata ann,
Mar ní athróidh sé bhur n-intinn, ná an dearchadh atá i bhur gceann.

Más duine thú a gcuireann Gaeilge cineál drochbhlas i do bhéal,
Is olc an mhaise dhuit é ar bhealach, is dona thú mar Ghael,
Mar nach dtuigeann tú an tábhacht le go mairfidh sí go deo,
Is gur céasadh sliocht ár sinsear is iad ag iarraidh í a choinneáil beo.

An dream a bhí i mbhun na tire nó i gceannas le bhur linn,
A thug droim láimhe uilig dá dteanga, a chuir an Béarla amach chun cinn,
Ó, dhíbhir siad ár nGaeilgeoirí go dtí tíortha i bhfad i gcéin,
Agus d'fhágadar an náisiún seo fíoghann ina dteanga fhéin

Ta daoine i ngach baile , is Béarla a labhraíonn siad,
Ó, d'aiothneoinn de bharr bheith ag éisteach leo gur le Gaeilge a tógadh iad.
Ní breith ar bith é seo orthu; níl ann ach cineál foghairt,
Ach má tógadh iad le Gaeilge ba choir dhóibh í a labhairt.

Mar sí teanga bhreá ár sinsear í is coinneoidh muid í beo,
Ó, labhair í an fhad is a mhairfeas tú, dhá mairfeadh tú go deo,
Ó, réitigh amach dhi cásanna, na céadta million cás,
Mar níor choir dhuit cara a thréigint ar an leaba is í ag fail bháis.

An bhfuil an Ghaeilge i ndeireadh a réime, mar atá daoine i gcónaí ag rá?
Ní go rómhaith go dtuigim fhéin é, ach sé an trua é má tá.